An Oilithreacht
Is suíomh é Port Naomh atá suite cois na hAbhann Móire agus atá saibhir tábhachtach ó thaobh cúrsaí spioradálta agus staire de. Tá sé taobh le Bóthar Dhoire Locháin, ag dul i dtreo Chaladh an Mhachaire.
Sa lá atá inniu ann, tá sé mar chuid den bhealach oilithreachta, Slí Oileán an Ghuail, go díreach idir Stad Stampa an Chrotaigh agus Stad Stampa Chaladh an Mhachaire. Is é Port Naomh an port, nó an caladh, a dtigeadh na naomh i dtír ann. Seo áit ar maos i seanchas an chreidimh agus san oidhreacht spioradálta. San am a chuaigh thart, is é seo an áit a bhfeistíodh na taistealaithe cráifeacha a mbád sula dtéadh siad i mbun oilithreachta níos doimhne isteach go croílár Uladh, go Tír Eoghain, Doire, agus Dún na nGall.
De réir an bhéaloidis áitiúil, is é seo an áit go díreach a dtáinig Naomh Pádraig i dtír nuair a ráinig sé Oirthear Tír Eoghain. Dúradh go raibh a thriall i dtreo pharóistí ársa Bhaile an Chloig agus Dhomhnach Fainre – tugtar Paróiste Oileán an Ghuail orthusan lena chéile inniu. Tá Eaglais Mhuire is Iósaef Naofa (stad stampa) ann mar lóchrann spioradálta, a léiríonn dúinn na glúnta d’adhraitheoirí a chuaigh romhainn agus na céadta bliain den chreideamh Chríostaí atá fréamhaithe sa dúiche seo. Tá taifid ar Bhaile an Chloig agus ar Dhomhnach Fainre againn siar go dtí thart ar 900 A.D., ach sa bhéaloideas, ghníthear trácht ar ghníomhaíocht reiligiúnach sa cheantar siar go dtí aimsir Phádraig féin, thart ar 450 bliain roimhe sin. Tá tagairtí i luathscríbhinní na heaglaise d’iarrachtaí misinéireachta Phádraig anseo, rud a dearbhaíonn an tionchar leanúnach a bhí aige i múnlú na féiniúlachta spioradálta in Oirthear Thír Eoghain.
Is í Eaglais Naomh Mícheál an eaglais Chríostaí is sine i bparóiste ársa Chluain Eo – creidtear gur togadh í sa 15ú haois, roimh an Reifirméisean. Ba é ainm Naomh Comgall (510-602 AD) a bhí ar an eaglais seo ar dtús, agus creidtear gur dócha gur bhunaigh manaigh a raibh baint acu le Naomh Comgall, craobh eaglasta i gCluain Eo i dtréimhse an Naoimh sin. Tá baint fosta ag Bríd, duine eile de na naoimh is mó urraim in Éirinn, le Port Naomh. De réir an tseanchais, stad sí anseo ar a turas ó Chill Dara go hArd Bó, scéal a chuireann tuilleadh béime ar thábhacht spioradálta an chalaidh.
Bheir an seanchas le fios go dtáinig Colm Cille go Port Naomh, Loch nEathach anall, agus é ar a thuras ó Dhoire go hArd Mhacha. Tá an eaglais Chaitliceach áitiúil i Rian an Doire ainmnithe as Colm Cille. Tá an tagairt scríofa is luaithe do pharóiste Chluain Eo le fáil in ordú ón Phápa sa bhliain 1302, nuair a cuireadh ar an pharóiste 10 scillinge in aghaidh na bliana a íoc leis an Róimh. Bhí ról lárnach ag an cheantar máguaird, go háirithe an Machaire (seanainm: Machaire Grianáin), sa trádáil agus i gcúinsí taisteal idir Ard Mhacha agus deisceart Thír Eoghain.
Go deimhin, creidtear go dteachaigh conair ársa ar a dtugtaí Slí Phádraig, fríd Phort Naomh, agus í ina nasc idir Ard Mhacha agus Inis Dabhaill ar ghréasán de thóchair agus de chiseanna. Thángthas ar iarsmaí seandálaíochta den tslí seo sna bailte fearainn máguaird, i nDoire Locháin ina measc; rud a neartaíonn ár dtuigse ar thábhachtach Phort Naomh mar shuíomh lárnach sna turais naofa agus shaolta araon. Bhí Port Naomh ina chaladh le teacht i dtír ann, chan amháin do na hoilithrigh áitiúla, ach fosta daofa siúd a bhíodh ag taisteal ó na ceantair i bhfad i gcéin, leithéidi thuaisceart Thír Eoghain, Dhún na nGall, dheisceart Aontroma, agus Dhoire.
Ba gheata isteach é daofa siúd a bhíodh ag trasnú Loch nEathach agus na hAbhann Móire isteach go Contae Ard Mhacha. Théadh cuid de na hoilithrigh seo anonn go dtí na cinn scríbe Críostaí cáiliúla sin a bhí sa Spáinn, sa Fhrainc, agus in áiteanna nach iad ar fud na hEorpa; agus ar an láimh eile, thigeadh cuid oilithrigh eile go hÉirinn ón iasacht, le cuairt a thabhairt ar na láithreacha naofa ar fud thuaisceart Uladh. Mar sin de, chan go díreach áit le stad ann a bhí i bPort Naomh; ach ba chuid den ghréasán oilithreachta uile-Eorpach é, a bhí ar aon dul le gluaiseacht an chreidimh thar na críocha is na teorainneacha.
Níos cóngaraí dár linne féin, chuaigh an seanbhealach cóiste ó Bhaile Átha Cliath go Cúil Raithin fríd Ros Caoin, ag trasnú ag an áit ar a dtugtaí go háitiúil an Abhainn Naofa (stad stampa), roimh thógáil Bhóthar an Chalaidh ár linne seo. Tá an seanbhealach seo sa treo chéanna is a bheadh na bealaí ársa oilithreachta, agus tá sé anois mar chuid de Shlí Oileán an Ghuail. Sa bhéaloideas áitiúil, tá scéalta fá trupanna tolla taibhsiúla ón tseanam anall – scéalta fá chlascairt crúb capall agus ruthaíl rothaí iarainn a bhíodh le cluinstin i lár an oíche, amhail is dá mbeadh cóiste neamhshaolta ar aistear ón aimsir anallód chugainn.
Is áit spéise eile lán staire ar an tSlí í, Eaglais Phádraig (stad stampa) i gCluain Eo, atá in aice an bhóthair B161, idir Oileán an Ghuail agus Ard Bó. Lá i mí Iúil 1602, ar an bhóthar seo féin, bhí saighdiúirí Sasanacha faoi Bharún Mountjoy le feiceáil ag máirseáil leo. Níos luaithe an lá sin, rinne siad léirscrios ar chathaoir oirnithe na dtaoiseach Uí Néill ar an ráth, Tulach Óg, agus ansin rinne siad ionsaí ar an chrannóg dhaingin ar Loch Ruacháin, cóngarach don stad stampa ar bhealach an tSlí.
Ba chora cinniúna iad na gníomhartha seo i stair na hÉireann. Bhí baint láidir ag an chrannóg ar Loch na Craoibhe, in aice leis an Chraobh, i gceann de na heachtraí is mó a d’fhág a lorg ar Éirinn. Chaith Aodh Ó Néill, an tiarna Gaelach mór le rá deireanach in Ultaibh, a oíche dheiridh i dTír Eoghain istigh ar an chrannóg sular fhág sé le gabháil ar an eachtra chinniúnach sin, Imeacht na nIarlaí, sa bhliain 1607. Ar imeacht dó, ba é sin deireadh le saíocht na nGael agus tús le teacht agus daorsmacht na nGall.
Cé go raibh sé de rún ag na hIarlaí a ghabháil go dtí A Coruña na Spáinne, tháinig siad i dtír sa Fhrainc de dheasca na drochaimsire. Agus tá an turas seo go fóill á athleanúint ag muintir na háite anseo inniu, agus é mar a bheadh oilithreacht nua-aimseartha acu. Is sa Spáinn is treise atá oidhreacht na staire seo.
Tugadh teidil oidhreachta do shliocht Uí Dhónaill agus rinneadh Duques de Tetuán díofa; agus fuair sliocht Uí Néill an teideal Marqués del Norte agus bhunaigh siad traidisiún míleata ann. Cuireann na naisc seo béim ar thionchar forleathan na ndaoine agus na n-áiteanna a raibh baint acu le Port Naomh, gnáthchaladh a d’éirigh le bheith ina ancaire spioradálta stairiúil ar feadh na nglúnta.